Ag tacú le hEarnáil na Cruthaitheachta

Dúnta21 D.F., 2022, 1:00pm - 28 Sam, 2022, 12:00pm

Ag tacú le hEarnáil na Cruthaitheachta

Is léir cruthaitheacht Phort Láirge inár gcathair agus inár mbailte, sráidbhailte agus ceantair thuaithe. Tá Dealbhóireacht, Múrphictiúir agus Ealaíona Sráide le feiceáil ag muintir na háite agus ag cuairteoirí araon. Cuireann ríocht phoiblí Phort Láirge canbhás ar fáil do thaibhrithe ceoil agus ealaíon. Is mór an inspioráid iad ár mbailte, sráidbhailte agus an tírdhreach máguaird, lena n-áirítear an líne chósta fhada, dár bhfilí, scríbhneoirí, amharc-ealaíontóirí agus ceardaithe. Tá fréamhacha doimhne ag an tuiscint ar ár gcultúr anseo.

Chun tacú le hearnáil na cruthaitheachta, déanfaimid sonraí agus faisnéis a bhailiú, a thógáil agus a fhorbairt mar bhonn eolais dár gcinnteoireacht maidir leis an tslí a leanfaimid ar aghaidh ag tacú leis an earnáil seo. In éineacht le Clár Éire Ildánach agus ag tógáil ar na tionscadail agus straitéisí a bhí ann san am atá caite, tacóimid lenár ngeilleagar cruthaitheach trí chomhpháirtíocht agus comhoibriú. Beidh forbairt ar líonraí spéise agus scileanna, amhail i gceardaíocht, dearadh agus scileanna digiteacha, lárnach chun daoine cruthaitheacha a thabhairt le chéile.

 

Múrphictiúr de chuid Bhallaí Phort Láirge; Senan agus an leabhar is ansa leis, ‘The Little Prince’ leis na healaíontóirí Zabou agus Juliette Viodé. Leabharlann Bhóthar Brown. Grianghraf: Ana Moretti

Is gné lárnach den chruthaitheacht i bPort Láirge iad ealaíontóirí – idir ghairmiúla agus neamhghairmiúla – agus is gá aitheantas agus tacaíocht a thabhairt dá gcuid scileanna. Ní mór daoine le scileanna cruthaitheacha nuaghinte agus scileanna atá ag teacht chun cinn a spreagadh chun iad féin a chur i láthair le go bhfeicfear iad. Is bealach é Port Láirge Ildánach chun pointe nascachta a chruthú idir na scileanna sin agus eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí atá in ann leas a bhaint as cuir chuige chruthaitheacha ar a gcuid oibre.  Tacú leis an bprionsabal de phá gairmiúil i gcomhair ealaíontóirí – an t-ealaíontóir a íoc – leanfaimid ar aghaidh ag seasamh leis an luach sin. Is prionsabal tábhachtach ag Port Láirge Ildánach fós í forbairt cumais do ghairmithe cruthaitheacha agus do ghrúpaí pobail agus gníomhaireachtaí, prionsabal a tugadh ar aghaidh ón straitéis dheireanach.

Tá earnáil na bhféilte tábhachtach do Phort Láirge, agus déanann gach féile ceiliúradh ar chruthaitheacht agus cultúr, lena n-áirítear Spraoi, an Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Sráide a fhaigheann maoiniú ón údarás áitiúil agus ón gComhairle Ealaíon, Ballaí Phort Láirge, Samhradh sa Chathair agus Féile Phádraig, i measc go leor féilte eile. Tacaíonn Éire Ildánach leis an éiceachóras cruthaitheach a chothaíonn earnáil na bhféilte, lena n-áirítear deiseanna don óige triail a bhaint as rudaí nua, scileanna nua a fhoghlaim agus bheith ag spraoi. Tugann Cruinniú na nÓg deis do dhaoine óga a gcruthaitheacht féin a fhiosrú agus machnamh a dhéanamh ar ghairmeacha i réimsí amhail amharclannaíocht, litríocht, na healaíona sráide agus an teicneolaíocht dhigiteach, agus tuiscint á fáil acu ar an luach a bhaineann le cuir chuige chruthaitheacha ar go leor gnéithe dá saol atá i mbéal forbartha.

Is riachtanach é a chinntiú go gcuirtear luach na cruthaitheachta san áireamh i straitéisí Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge. Le linn shaolré na Straitéise seo um Chruthaitheacht Phort Láirge, déanfar beartais agus straitéisí eile a fhorbairt agus cuirfear i gcrích iad mar a thuairiscítear i gCaibidil 3: Cultúr agus Cruthaitheacht i bPort Láirge. Is féidir le Port Láirge Ildánach ról lárnach a imirt chun cur i gcrích comhtháite phleananna Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge a chinntiú.  Tá nuálaíocht mar dhlúthchuid de bheartais eacnamaíocha agus forbartha Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge mar phríomhspreagadh dár ngeilleagar. Is iad cruthaitheacht agus samhlaíocht bunchlocha na nuálaíochta agus ní mór é sin a léiriú inár straitéisí.

Tá idirghabhálacha iar-phaindéime thar a bheith tábhachtach chun tacú le héiceachórais chruthaitheacha Phort Láirge – cuireann siad deiseanna ar fáil i gcomhair comhpháirtíochtaí láidir idir lucht na n-ealaíon agus tionscadail an údarás áitiúil amhail comhfhorbairt áite, rannpháirtíocht an phobail agus digitiú. “Tá earnálacha cultúir ar thús cadhnaíochta sa digitiú le fada an lá, agus i bhforbairt samhlacha nua don táirgeacht agus don tomhaltas a dhéantar a phríomhshruthú in earnálacha eile ansin. Cuireann teicneolaíochtaí nua cothromaíocht ar bhealaí le bheith rannpháirteach sa chultúr agus cuireann siad deiseanna   ar fáil d’fhiontraithe CCS agus do shaoránaigh go deimhin, chun ábhar a scaipeadh ar lucht féachana agus éisteachta níos mó agus chun margaí nua a bhaint amach” [aistriúchán neamhoifigiúil] OECD (2022), The Culture Fix: Creative People, Places and Industries, Local Economic and Employment Development (LEED), OECD Publishing, Paris, https://doi.org/10.1787/991bb520-en.

GNÍOMHARTHA

Taighde a dhéanamh ar gheilleagar cruthaitheach Phort Láirge agus an Oirdheiscirt, agus a chinntiú go n-úsáidtear maoiniú agus acmhainní chun tacú le lucht na n-ealaíon gairmiúil agus iad siúd atá ag teacht chun cinn chun comhpháirtíochtaí agus deiseanna a fhorbairt.

Tacaíocht a chur ar fáil chun líonraí spéise a fhorbairt laistigh d’éiceachóras cruthaitheach Phort Láirge agus ar bhonn comhoibríoch laistigh den réigiún.

Tacú le forbairt cumais phobal cruthaitheach Phort Láirge i gcomhar leis an bhFoireann um Chultúr agus Cruthaitheacht.