Éire Ildánach Phort Láirge 2018-2022

Dúnta21 D.F., 2022, 1:00pm - 28 Sam, 2022, 12:00pm

Éire Ildánach Phort Láirge 2018-2022

Éire Ildánach Phort Láirge, staitisticí 2018 - 2022

Líon Iomlán na dTionscadal Gairme Oscailte – 9

2018 – 26

2019 – 15

2020 –15

2021 – 22

2022 – 12

Líon Iomlán Tionscadal na Foirne Cultúir - 69

Líon Iomlán Imeachtaí Chruinniú na nÓg – 113

Líon Iomlán Tionscadal/Imeachtaí Maoinithe Breise – 24 (lena n-áirítear ACT Phort Láirge, Ciste Eacnamaíoch Pobail Chruthaitheacha & Ceolchoirmeacha Cúraim Covid 2022)

Líon iomlán na dtionscadal a maoiníodh – 297 (lena n-áirítear Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide /ACT Phort Láirge, Ciste um Ghníomhú Eacnamaíoch Phobail Chruthaitheacha, Naisc um Oideasú Sóisialta & Ceolchoirmeacha Cúraim Covid 2022)

Músaem na Seod Phort Láirge, ag comóradh 850 bliain ó phós Strongbow agus Aoife. Grianghraf: Patrick Browne.

I measc samplaí de thionscadail Phort Láirge Ildánach atá tugtha chun críche:

Tionscadal Idirnáisiúnta Ceoil Phort Láirge

In 2021, d’oibrigh Leabharlanna Phort Láirge agus Music Generation Phort Láirge le chéile chun tionscadal ceoil idir na glúine an-speisialta a chruthú idir Cór Bealtaine agus daltaí i  Scoil Náisiúnta Choill Mhic Thomáisín. Fuair an tionscadal maoiniú ó Éire Ildánach, agus rinne sé doiciméadú ar an bpróiseas a bhaineann le ceol agus amhráin a úsáid chun scéalta a roinnt, mothúcháin a chur in iúl agus naisc fhrithpháirteacha sa phobal a fhiosrú. Ba thionscnamh aosaithe dhearfaigh folláine mheabhrach do dhaoine scothaosta a bhí ann freisin. Trí bheith ag canadh le chéile, tugadh deis do leanaí agus do dhaoine scothaosta tuiscint a fháil ar a bhféiniúlacht, oidhreacht agus cultúr roinnte, agus foghlaim fúthu.

Sa tionscadal, tugadh amhránaithe scothaosta Chór Bealtaine (daoine ina 70idí, 80idí agus 90idí) agus daltaí rang a haon agus rang a dó i Scoil Náisiúnta Choill Mhic Thomáisín le chéile.  Éascaíodh an tionscadal trí ghníomhaíochtaí ceoil-bhunaithe a dhéanann tuilleadh tuisceana, measa agus foghlama idir na glúine a chothú agus a chur chun cinn, agus aird ar threoraiocht sláinte poiblí maidir le Covid-19 sa phobal.

Comhpháirtithe sa Tionscadal:

Leabharlanna Phort Láirge, Music Generation Phort Láirge, Cór Bealtaine, Scoil Náisiúnta Choill Mhic Thomáisín, Foireann Cruthaitheachta Phort Láirge, Bainisteoir Chlár an Aosaithe Dhearfaigh agus Oifigeach Phort Láirge Sláintiúil.

Daltaí ó Scoil Náisiúnta Choill Mhic Thomáisín i mbun taibhithe le Cór Bealtaine. Grianghraf: Patrick Browne.

"Tarlaíonn rud éigin speisialta nuair a chanaimid le chéile, braistint chómhuintearais nach féidir a chur in iúl atá in ann an tslí a mothaímid fúinn féin agus faoin domhain timpeall orainn a athrú ó bhun. Chuir an tionscadal seo an bhraistint sin i gcuimhne dúinn go léir, cé acu an 10 mbliana d’aois nó os cionn 90 bliain d’aois sinn, gur féidir linn tuiscint a fháil ar ár bhféiniúlacht, oidhreacht agus cultúr roinnte agus foghlaim fúthu tríd an gceol. Le tacaíocht ó Éire Ildánach don tionscadal seo, cuireadh ar ár gcumas breith ar ‘an nóiméad i láthair’ nóiméid inar tugadh dhá ghlúin le chéile tríd an gceol agus ina rabhamar in ann machnamh a dhéanamh ar an am atá caite agus aisling don todhchaí a chruthú" – Shauna McCullough, Oifigeach Forbartha Ceoil, Music Generation Phort Láirge

 

Taispeántas Dhearthóirí agus Dhéantóirí Phort Láirge 2022

Ba é Clár Éire Ildánach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, i gcomhar le hOifig Fiontair Áitiúil Phort Láirge, a cheap Taispeántas Dhearthóirí agus Dhéantóirí Phort Láirge agus ba í an Dr Audrey Whitty, Leas-Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann a sheol é i mí na Bealtaine 2022.

Cuireadh saothar an phobail dearaidh agus ceardaíochta atá lonnaithe i bPort Láirge i láthair ag Taispeántas Dhearthóirí agus Dhéantóirí Phort Láirge.  Thug an saothar léiriú ar théama Phort Láirge agus cad a chiallaíonn sé don phobal seo. Bhunaigh an coimeádaí, Vincent O’Shea, an taispeántas ar an gcruthaitheacht atá i gceist sa cheardaíocht agus taispeánadh réimsí éagsúla de cheardaíocht agus dearadh, lena n-áirítear teicstílí, criadóireacht, leatharshaothar agus deileadh adhmaid. Bhí saothar 18 dtaispeántóir ann agus ba é an chéad taispeántas dá chineál a tionóladh i gcathair nó i gcontae Phort Láirge. Tionóladh an taispeántas i nDánlann Ealaíne Phort Láirge, 32 Sráid Uí Chonaill, Port Láirge, ina gcoimeádtar ceann de na bailiúcháin ealaíne comhaimseartha is sine agus is fearr in Éirinn.

An Dr Audrey Whitty, Leas-Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Eileen Singleton, criadóir, ag seoladh Thaispeántas Dhearthóirí agus Dhéantóirí Phort Láirge. Grianghraf: David Murphy.

“Léiríodh meas ar chruthaitheacht agus ar scileanna gnó na ndéantóirí agus iad ag obair le Port Láirge Ildánach ar an Taispeántas Dhearthóirí agus Dhéantóirí. Ní bhíonn lucht gnó cruthaitheach compordach i gcónaí i suíomhanna eacnamaíocha/fiontraíochta; agus iad ag comhoibriú le Port Láirge Ildánach, bhí a fhios ag na déantóirí go léireofaí meas ar a gcruthaitheacht sa tionscadal.  Léirigh an taispeántas go bhféadfaidh lucht na cruthaitheachta agus na forbartha fiontraíochta le chéile chun leasa an dá dhream.” - Bríd Kirby, Ceann Oifig Fiontair Áitiúil Phort Láirge (Gníomhach)

Lucht Éagsúil na nEalaíon

‘Lucht Éagsúil na nEalaíon’: Tionscadal de chuid Éire Ildánach Phort Láirge i gcomhpháirtíocht le Seirbhísí Leabharlainne Phort Láirge, Seirbhísí Lánpháirtíochta Phort Láirge, Europe Direct Phort Láirge agus an Fhéile Imagine Arts. Seoladh an tionscadal ag Féile Imagine Arts 2021.

Taispeántas na n-ealaíon a bhí ann, mar cheiliúradh ar chultúr saibhir agus taithí shaibhir na n-imirceach a chuir fúthu in Éirinn. I measc na dtaibhléirithe cultúir sin bhí rince ó Phobal Igbo Phort Láirge, ceol ón amhránaí agus cumadóir Minnie Marley, nochtadh Chuilt Idirchultúrtha a chruthaigh mná an Chláir Shakti agus ceol ón gCeoltóir, DJ, agus Léiritheoir, Murka Murcury.

Pobal Igbo i bPort Láirge ag seoladh na Féile Imagine Arts. Grianghraf: DGM Photographic.

“Leis an gClár um Fhiontar Sóisialta Cruthaitheach i gcomhair phobail imirceach áitiúil, faoi stiúir Seirbhísí Lánpháirtíochta Phort Láirge agus le tacaíocht ó Phort Láirge Ildánach, soláthraítear deiseanna chun dul i mbun gnó, cáilíochtú agus neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach trí fhéiniúlachtaí cultúir a chur in iúl. Soláthraítear beocht le haschur cruthaitheach an chláir, trí tháirgí, seirbhísí agus taibhithe bríomhara atá leabaithe ó thaobh cultúir de, agus cuirtear le cumais chruthaitheacha agus poitéinseal tuillimh ár bpobal imirceach.” - Anne Nolan, Ceannasaí Cláir, Seirbhísí Lánpháirtíochta Phort Láirge.

 

Conair Ealaíne Dhún Garbhán

Chruthaigh Jean Curran, ealaíontóir agus clódóir ruaim-aistrithe as Port Láirge, taispeántas priontaí ruaim-aistrithe bunaidh ó scannáin Technicolor Hitchcock, le Conair Ealaíne Dhún Garbhán, a seoladh i mbaile Dhún Garbhán i mí na Bealtaine 2021. Thug an taispeántas scartha sóisialta sin deis don lucht féachana ealaíon ardchaighdeáin a fheiceáil i rith na paindéime, rud a d’fheabhsaigh an baile do mhuintir na háite agus do chuairteoirí.

Taispeánadh priontaí lámhdhéanta bunaidh ón scannán Vertigo i bhfuinneoga siopaí folmhaí agus gnólachtaí a bhí ar fáil, i gcomhar le gnólachtaí áitiúla ar fud lár an bhaile. Bhí na priontaí curtha i láthair go gairmiúil i bhfuinneoga na siopaí agus rinne siad Conair Ealaíne thumthach inar fhéad an lucht féachana lán súl a bhaint as an saothar agus iad ag gluaiseacht ó fhoirgneamh go foirgneamh. Bhí mír faoin tionscadal ar an gclár Nationwide ar RTÉ.

Jean Curran, Ealaíontóir, Margaret Organ, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Katherine Collins, Comhordaitheoir Éire Ildánach Phort Láirge, Kieran Keogh, Stiúrthóirí Seirbhísí Chathair agus Contae Phort Láirge agus an Comhairleoir Damien Geoghegan, Méara Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge. Grianghraf: Patrick Browne.

“Le tamall anuas, ní raibh daoine in ann dul isteach i ndánlanna, go deimhin tá daoine ann nach dtugann cuairt ar dhánlanna ar chor ar bith. Chuir Conair Ealaíne Dhún Gharbhán an ealaín ag croílár an saoil ó lá go lá, agus daoine ag dul thar fhoirgnimh nach dtugann siad faoi deara, de ghnáth. Is deis ollmhór í ealaíontóir chomh cumasach le Jean Curran a bheith ann chun spásanna a athshamhlú agus comhráite faoi chruthaitheacht, samhlaíocht agus ealaín a thosú.” - Margaret Organ, Oifigeach Ealaíon, Cathair agus Contae Phort Láirge.

 

Ealaín Sráide i gcomhair na Spriocanna

Is éard a bhí sa tionscadal Ealaín Sráide i gcomhair na Spriocanna, a reáchtáil Tionscnamh Stíl Mhaireachtála Inbhuanaithe Phort Láirge (SLÍ), feachtas oideachais faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus múrphictiúir a bhí neamhdhíobhálach don chomhshaol agus iad déanta as caonach, a suiteáladh i dtrí shuíomh i gContae Phort Láirge (Baile Mhac Cairbre, Ceapach Choinn, Lios Mór).

D’oibrigh lucht an tionscadail le grúpaí áitiúla i ngach suíomh; Coiste Bailte Slachtmhara Bhaile Mhac Cairbre, Club CLG Cheapach Choinn-Áth Mheáin agus Coiste Bailte Slachtmhara Lios Mór.  Cuireadh gnéithe áitiúla le gach múrphictiúr agus d’oibrigh muintir na háite leis an ealaíontóir Aga Krym chun iad a dhearadh.

An t-ealaíontóir Aga Krym le Coiste Bhailte Slachtmhara Lios Mór agus SLÍ Phort Láirge. Clé go deas: Mary O’Brien, Rose O’Dowd, David Keane, Aga Krym, Sarah Keane, Nora O'Connor, Bríd Nowlan agus Shelia Roche in Lios Mór. Grianghraf: Patrick Browne

“Bhí an t-ádh linn anseo ag Tionscnamh Stíl Mhaireachtála Inbhuanaithe Phort Láirge (SLÍ) maoiniú deontais a fháil ó Phort Láirge Ildánach a chuir ar ár gcumas ár modhanna agus ár mbonn tionscadail a mhéadú agus a éagsúlú. Mar eagraíocht um oideachas agus ardú feasachta comhshaoil, tá tosaíocht tugtha againn do mhodhanna cruthaitheacha a úsáid chun caidreamh a dhéanamh lenár bhfoghlaimeoirí. Bhí an tacaíocht sin ó Phort Láirge Ildánach lárnach chun an sprioc sin a bhaint amach trí dheis a thabhairt dúinn daoine de lucht na n-ealaíon a fhostú chun ár gclár a chur i gcrích, agus d’éirigh thar cinn leis. Tá an smaointeoireacht chruthaitheach ag croílár ár gcuid oibre anois agus tá an eagraíocht i bhfad níos láidre agus níos spéisiúla dá bharr.”  Jen Harris, POF, SLÍ Phort Láirge.