Daoine agus Áit

Dúnta21 D.F., 2022, 1:00pm - 28 Sam, 2022, 12:00pm

Daoine agus Áit

Is é an nasc idir daoine agus áit an bonn chun nasc, comhoibriú agus cruthaitheacht a fhorbairt. Is tosaíocht de chuid Chathair agus Contae Phort Láirge é nasc daingean a chothú idir muintir Phort Láirge agus a n-áit laistigh de Phort Láirge. Feidhmíonn tírdhreach, cultúr agus muintir Phort Láirge mar inspioráid don chruthaitheacht i gcomhair gach duine i bPort Láirge – daoine nuathagtha agus daoine a bhfuil fréamhacha doimhne acu san áit.

Ceiliúraimid traidisiúin Phort Láirge, na cinn dhúchasacha agus na cinn a thóg daoine nuathagtha leo: tá an fhianaise air sin le feiceáil sna logainmneacha, sa cheol agus sna hamhráin, san ealaín agus sa tuiscint ar fhéiniúlacht atá againn. Cuirimid fáilte roimh an deis chun an tuiscint ar áit dhúchais agus an fhéiniúlacht a neartú dóibh siúd a chónaíonn i bPort Láirge agus chun traidisiúin nua a fhorbairt atá fréamhaithe san áit seo.

Port Láirge chun tosaigh maidir le gníomhú ar son na haeráide. Daltaí ó Scoil Náisiúnta Thuar an Fhíona, Co Phort Láirge; Caoimhe O’Dwyer (ar dheis) & Doireann Power. Grianghraf: Mark Stedman.                             

Is áit fhadbhreathnaitheach a bhí i bPort Láirge i gcónaí. Mar chontae ar an gcósta, bhí naisc fhorleathana thar sáile aige leis na glúnta, ó na dúin chinn tíre ar feadh an chósta go dtí na cuideachtaí loingseoireachta a thaistil an domhain ón Rúis go Meiriceá agus níos faide. Tá na lonnaitheoirí a tháinig go Port Láirge san am atá caite ina gcuid dhílis d’fhéiniúlacht Phort Láirge anois, amhail na hÚgónaigh, a bheir leo an blaa atá comhchiallach le Port Láirge anois, agus na déantóirí gloine ó Phoblacht na Seice a tháinig níos déanaí agus a d'athbheoigh Waterford Crystal agus a rinne ceird de a bhfuil clú agus cáil air ar fud an domhain sa lá atá inniu ann.

Léirítear an Ghaeilge go follasach inár logainmneacha (e.g Aird Mhór) ach léirítear stair na Lochlannach, Normannach na Sasanach freisin. Is daingean Lochlannach í Cathair Phort Láirge agus léiríonn na logainmneacha feadh an chósta, amhail Baile Gunnair agus Heilbhic, an nasc sin le Críoch Lochlann. Léiríonn An Baile Nua (Villierstown i mBéarla) agus Bruachaill (Mount Congreve i mBéarla) na heastáit talún atá scaipthe ar fud thírdhreach Phort Láirge.

Tá Port Láirge ar cheann de na seacht gcontae ina bhfuil ceantar Gaeltachta, áit a bhfuil an Ghaeilge agus an oidhreacht chultúrtha mar chuid lárnach den saol laethúil. Tá an nasc sin leis an nGaeilge ina fhoinse ollmhór cruthaitheachta agus mórtas áite i bPort Láirge. Is tosaíocht sa straitéis iad na deiseanna a chuireann sin ar fáil i gcomhair ár bPobal Cruthaitheach.

Trí iniúchadh a dhéanamh ar ár ndaoine agus ar sheandálaíocht, déantáin, seanchas agus stair na Cathrach agus an Chontae, faightear oidhreacht shaibhir a spreagann an chruthaitheacht. An tosaíocht atá againn ná ligean dár bpobail ní hamháin a dtuiscint ar áit dhúchais agus ar fhéiniúlacht a fhiosrú tríd an gcruthaitheacht, ach chun cuidiú le tuiscint níos láidre ar fhéiniúlacht Phort Láirge a fhorbairt.

GNÍOMHARTHA

Tacú le tionscadal cruthaitheach i nGaeilge gach bliain

Sraith dar teideal “Licked Off the Stones” a fhorbairt chun an tslí a bhfuil féiniúlachtaí uathúla ag bailte, sráidbhailte agus pobail a fhiosrú agus oibriú leis an bpobal áitiúil chun na nithe a fhágann gur áiteanna uathúla iad a dhoiciméadú agus an tslí a dtugann a n-áit dhúchais inspioráid dóibh agus a múnlaíonn iad

Tacú le tionscadail “Digging into Waterford” a fhiosraíonn an tslí a bhféadfaidh oidhreacht shaibhir Phort Láirge ceantair áitiúla a athbheochan

Tacú le tionscadail a chuidíonn le ‘lonnaitheoirí nua’ i bPort Láirge a nasc féin leis an áit agus leis an bpobal a fháil

Tacú le tionscadail a chuidíonn le daoine i bPort Láirge nasc lena bpobal a choinneáil ar bun e.g. an Óige; Daoine Scothaosta; Grúpaí Díchumhachtaithe