Cultúr agus Cruthaitheacht i bPort Láirge

Dúnta21 D.F., 2022, 1:00pm - 28 Sam, 2022, 12:00pm

Is contae nasctha atá ag fás é Port Láirge ina ndéanaimid ceiliúradh ar ár n-oidhreacht chultúir, ár n-éagsúlacht agus ár dtírdhreach nádúrtha gan mhilleadh. Tuigimid gurb iad na daoine an bua atá againn agus trí bheith ag obair le chéile go gcruthaímid naisc láidre as a leanann torthaí iontacha.

Le Pobail Chruthaitheacha de chuid Chlár Éire Ildánach, tá deiseanna den scoth tugtha do Phort Láirge chun dianmhachnamh a dhéanamh ar luach agus láidreacht na cruthaitheachta atá ann go smior inár bpobail le cúig bliana anuas, ó 2018-2022. Tugadh beagnach 300 tionscadal Pobail Chruthaitheacha chun críche sa tréimhse sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí pobalbhunaithe trínár nGlaonna Oscailte bliantúla agus tionscadail arna n-eagrú ag an údarás áitiúil. Le cistiú ó Phobail Chruthaitheacha, tá tionchar na cruthaitheachta sa bheartas poiblí le feiceáil i réimsí amhail oidhreacht, caomhnú foirgneamh, cartlanna, an Ghaeilge, litríocht agus forbairt pobail, trí thionscnaimh éagsúla. Tá tacaíocht tugtha ag Leabharlanna Phort Láirge agus rannóga Ealaíon Phort Láirge do scríbhneoirí, rinceoirí, ealaíontóirí agus ár bpobail nua chun saothair chomhoibríocha nua a chruthú, agus cinntíodh, leis sin gur tugadh deis do mhuintir Phort Láirge a bheith cruthaitheach trí uaillmhian Phort Láirge Ildánach.

Ceardlann Déanta Bodhrán le Michael Vignoles agus daltaí ó Mheánscoil Mhuire na Trócaire Phort Láirge. Grianghraf: Patrick Browne.

Tá ardú 9.4% tagtha ar dhaonra Phort Láirge idir 2016 agus 2022, rud a fhágann go bhfuil an daonra ann i measc na ndaonraí is tapúla atá ag fás in Éirinn agus gurb é an daonra is tapúla atá ag fás i gcúige Mumhan é. Tharla an t-ardú sin de bharr méadú nádúrtha ar an daonra agus imirce, agus tá coinne leis go leanfar de treocht sin. Ní mór do Straitéis Chruthaitheachta Phort Láirge a chinntiú go mbeidh gach duine sa daonra rannpháirteach agus go gcuimsítear gach duine inár mbeartais agus inár ngníomhaíochtaí le linn a saolré.

Leagtar amach an fhorbairt a dhéanfar ar Phort Láirge amach anseo i bPlean Forbartha Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge 2022 - 2028. Sa doiciméad sin, déanann CCCPL tagairt do na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe agus leagtar amach 8 bpointe a chumhdaíonn cuspóirí uileghabhálacha tábhachtacha na Spriocanna. Seasann Straitéis Chruthaitheachta Phort Láirge leis na Spriocanna sin, tacaíonn sí le gníomhartha ar son an chomhshaoil, geilleagar tuaithe agus nascacht, agus tacaíonn sí leis na ráiteas a leanas ach go háirithe:

  • Tacú le geilleagar láidir, inbhuanaithe, éagsúil agus rathúil, agus an nuálaíocht, scileanna agus rochtain ar oideachas ardchaighdeáin do chách mar bhonn aige.
  • Ár n-oidhreacht nádúrtha uathúil, tírdhreacha, muirdhreacha, bithéagsúlacht, agus sócmhainní oidhreachta tógtha agus cultúrtha a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú
  • Áiteanna a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos cuimsithí, níos éagsúla, níos inrochtana agus níos sábháilte agus iad a bheith ar an gcaighdeán is airde

Tá aird ag Straitéis Chruthaitheachta Phort Láirge ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus oibreoimid chun iad a chur san áireamh inár dtionscadail agus gníomhaíochtaí, agus cinnteoimid go mbeidh obair na foirne agus ghníomhaíochtaí na nGlaonna Oscailte inbhuanaithe agus go dtacóidh siad le nuálaíocht, agus cinnteoimid go mbreathnófar ar chruthaitheacht mar gné lárnach de ghníomhaíocht uilechuimsitheach, inrochtana agus éagsúil a chur i gcrích.

Ar an leibhéal áitiúil, tá foireann Phort Láirge Ildánach bainteach le straitéisí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, straitéisí a chuireann gníomhaíocht chruthaitheach agus chultúir ag a gcroílár nó aithníonn an luach atá aici chun folláine, comhtháthú sóisialta agus forbairt eacnamaíoch a mhéadú. Áirítear leo sin athbhreithniú ar an bPlean Oidhreacht, Scéim Ghaeilge CCCPL, Plean Forbartha na Leabharlann agus Plean na nEalaíon. Tá an Fhoireann bainteach go díreach agus go hindíreach le straitéisí eile a thabhairt i gcrích do Phort Láirge freisin, lena n-áirítear Straitéis Eacnamaíochta Phort Láirge 2040 atá mar fhoinse do Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail Phort Láirge 2022-2026, Straitéis Dhigiteach Phort Láirge 2022 – 2026 agus an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Beidh tionchar ag gach ceann díobh sin ar sholáthar seirbhísí údaráis áitiúil dár bpobail agus dár bpáirtithe leasmhara.

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ar cheann de 19 rannpháirtí i Sláintecare, an Clár um Phobail Shláintiúla, le Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Phort Láirge agus leis an bplean Cathair Shláintiúil, Contae Sláintiúil atá ann cheana féin. Tá Oifigeach Forbartha Áitiúil um Phobal Sláintiúil earcaithe ag CCCPL chun gníomhaíocht a chomhordú ó dhearcadh an údaráis áitiúil. Tá d’aidhm leis an méadú sin ar acmhainní i gcomhair údarás áitiúil, an clár oibre sláinte agus folláine a chomhtháthú leis an gclár oibre níos leithne atá acu agus tacú le cur chuige um dheitéarmanaint shóisialta ar neamhionannais sláinte. Le Port Láirge Ildánach, aithnítear tábhacht an Chláir sin agus déanfar iarracht naisc a chruthú inár gcuir chuige ar ghníomhaíochtaí folláine agus comhoibríocha le Pobail Shláintiúla.

Is tionscadal athghiniúna uirbí é Ceathrú Cultúir Phort Láirge atá lonnaithe i Lár Chathair Phort Láirge. Leis an tionscnamh seo, dírítear ar an athghiniúint ó dhearcadh an chultúir, agus cuirtear comhfhorbairt áite agus gníomhú pobail comhoibríoch ag croílár Straitéis Cheathrú Cultúir Phort Láirge 2021-2025. Tríd an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (CAFU), tá CCCPL ag pleanáil tionscadal amhail Áras Ealaíon Cheathrú Cultúir Phort Láirge, gailearaí agus spás oibre comhionaid i gcomhair gníomhaireachtaí agus daoine aonair cruthaitheacha, Plás Cheathrú Cultúir Phort Láirge, mol cultúir agus pobail a chuireann béim ar sheirbhísí d’imircigh agus gníomhaíocht phobail, agus Gov Lab, ionad um bailiú, próiseáil agus scaipeadh sonraí a dhéanann scrúdú ar thionscail chomhshaoil, eacnamaíocha agus chruthaitheacha san Oirdheisceart. Beidh naisc an-láidre ag na tionscadail sin agus ag tionscadail eile leis an éiceachóras cultúir agus cruthaitheach i réigiún an Oirdheiscirt.

Bhí páirt lárnach ag Oifig Ghaeilge Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge i bhforbairt an Phlean Ghaeilge a ceadaíodh le déanaí i gcomhair Dhún Dún Garbhán mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Tá raon aidhmeanna agus cuspóirí sa phlean maidir le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa bhaile, ag díriú ar theaghlaigh agus ar dhaoine óga, ar an earnáil ghnó agus ar sholáthraithe oideachais ach go háirithe. Leis na gníomhaíochtaí sa Phlean, cothófar agus spreagfar cruthaitheacht i gcur chun cinn ár dteanga dúchais i nDún Garbhán  agus  leanfaidh Oifig na Gaeilge /CCCPL de thacú leis an gcoiste áitiúil, Dún Garbhán le Gaeilge agus leis an Oifigeach Pleanála Teanga atá le ceapadh go luath, chun an Plean Teanga a chur i bhfeidhm sna blianta amach romhainn.

“Is féidir le straitéisí athghiniúna agus forbartha faoi stiúir cultúir áiteanna a athrú ó bhonn. Ní hamháin go soláthraíonn earnálacha cultúir agus cruthaitheachta tairbhí eacnamaíocha (trí chánachas áitiúil, cruthú post, nuálaíocht agus slabhraí soláthair) agus tairbhí sóisialta (e.g. folláine agus comhtháthú pobail níos fearr), cuireann siad le ‘comhfhorbairt áite’ freisin trí áiteanna níos tarraingtí le cónaí agus oibriú iontu a dhéanamh de chathracha agus de réigiúin, infheistíocht isteach a spreagadh, sreafaí saothair isteach, táirgiúlacht níos airde agus níos mó turasóireachta. Díríonn beartais athghiniúna agus forbartha faoi stiúir cultúir ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta chathair nó réigiúin trí ghníomhaíocht chultúir agus chruthaitheach a chur chun cinn agus a chumasú.”  OECD (2022), The Culture Fix: Creative People, Places and Industries, Local Economic and Employment Development (LEED), OECD Publishing, Paris, https://doi.org/10.1787/991bb520-en.