Folláine Chruthaitheach

Dúnta21 D.F., 2022, 1:00pm - 28 Sam, 2022, 12:00pm

Folláine Chruthaitheach

Bainfidh obair a shainaithnítear faoin tosaíocht seo i Straitéis Phort Láirge le Colún 4: Sláinte agus Folláine Chruthaitheach, i gClár Éire Ildánach 2023-2027 agus leis an tosaíocht ardleibhéil d’Údaráis Áitiúla na bPobal Athléimneach (mar a pléadh agus a comhaontaíodh le Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA)).

Mar bhealach chuig tuilleadh folláine don phobal agus do dhaoine aonair, gealltar i straitéis Phort Láirge rochtain ar ghníomhaíochtaí cultúir agus cruthaitheacha a fhorbairt agus a fheabhsú. Ag tógáil ar an iliomad tionscadal rathúil ón straitéis roimhe seo, amhail “Ah go on” le Iontaobhas Ealaíon Leighis Phort Láirge agus “Linking the Déise” le LINC Phort Láirge, déanfaidh téama na folláine cruthaithí an obair atá déanta go dtí seo a dhaingniú, chomh maith leis an obair a rinne an Fhoireann Chultúir agus an tÚdarás Áitiúil mar chuid den fheachtas Keep Well le linn Covid19.

Tá Port Láirge ina cheannródaí maidir leis na healaíona, sláinte agus folláine, agus taithí cruthaithe aige ar chomhpháirtíochtaí fadtéarmacha agus cláir fhadtéarmacha in ospidéil, suíomhanna cúraim, spásanna pobail agus sa bhaile, trí oibriú i gcomhar le Rannóg Chultúir  Phort Láirge agus Clár Éire Ildánach.

 

Ceolchoirm Chúraim Covid i dteach altranais cónaithe i nDún Garbhán, Co Phort Láirge in 2020. Grianghraf: Patrick Browne

Is i bPort Láirge atá Iontaobhas Ealaíon Leighis Phort Láirge lonnaithe. Chomh maith le cláir a reáchtáil, is é an comhordaitheoir é ar www.artsandhealth.ie, láithreán gréasáin náisiúnta neamhspleách atá ina lárphointe agus ina acmhainn i gcomhair an réimse nua ealaíona agus sláinte atá ag teacht chun cinn in Éirinn.

Trí idirchaidreamh a dhéanamh leis an gclár Éire Shláintiúil agus le Port Láirge Sláintiúil de chuid Sláintecare agus le Pobail Shláintiúla, cuirfear leis na gníomhaíochtaí agus imeachtaí a bheidh indéanta le linn ré na straitéise nua.

Le linn Covid 19, fuair daoine léargas breise ar cé chomh luachmhar atá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúir agus an fholláine a chothú agus a chosaint. Déanann gníomhaíochtaí cruthaitheacha inniúlachtaí cognaíocha agus mothúchánacha a optamú, féiniúlacht a neartú, idirghníomhaíochtaí sóisialta a chothú agus athléimneacht a fheabhsú.

Trí thosaíocht a thabhairt d’fholláine chruthaitheach, déantar an saol a fheabhsú, agus a athrú do deimhin, do dhaoine aonair agus do phobail i bPort Láirge. Mar is amhlaidh le gnéithe eile dár seirbhísí, tá cur chun cinn na folláine tríd an gcruthaitheacht i gcomhréir le Sprioc 3 (Dea-Shláinte agus Folláine) de chuid na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe as a leanann sláinte agus folláine ní hamháin do dhaoine aonair ach do phobail freisin.

Agus géarchéim na meabhairshláinte ag dul in olcas i measc gach aoisghrúpa sa tsochaí, tá fáilte roimh gach idirghabháil nach mbaineann le drugaí. Tá tionscadal píolótach um Oideasú Sóisialta déanta i bPort Láirge cheana féin agus is mian linn leanúint ar aghaidh leis an gcomhoibriú sin idir oideasóirí sóisialta agus seirbhísí cultúir.

GNÍOMHARTHA

Cuirfidh Port Láirge Ildánach agus an tSeirbhís Ealaíon Sláinte agus Folláine Chruthaitheach san áireamh mar réimse le tacaíocht a fháil i nGlao Oscailte bhliantúil Phort Láirge Ildánach agus scrúdófar deiseanna chun acmhainní a shainaithint i gcomhair tograí sa réimse seo.

Téama lárnach a dhéanamh d’Fholláine Chruthaitheach sna doiciméid um beartas ealaíon agus cultúir atá le heisiúint.

Forbairt a dhéanamh ar na comhpháirtíochtaí atá ag an údarás áitiúil cheana féin sa réimse Ealaíona agus Sláinte, agus féachaint an bhfuil tuilleadh deiseanna ann.

Idirchaidreamh a dhéanamh leis an gComhordaitheoir um Shláinte agus Folláine don údarás áitiúil chun tionscnamh foirne bunaithe ar chruthaitheacht agus folláine san áit oibre a rolladh amach.