Comhoibriú

Dúnta21 D.F., 2022, 1:00pm - 28 Sam, 2022, 12:00pm

Comhoibriú

Is príomh-thosaíocht é bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le pobail, eagraíochtaí, gníomhaireachtaí agus laistigh de Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge chun Clár Éire Ildánach i bPort Láirge a chur i gcrích. ó 2018 go 2022 tá beagnach trí chéad clár agus tionscadal curtha i gcrích againn, agus níorbh fhéidir ceann ar bith acu a chur i gcrích gan cur chuige comhoibríoch a thógáil.

Tugann Glao Oscailte ar Phobail Chruthaitheacha Phort Láirge deis dúinn a bheith daonlathach inar gcur chuige ar mhaoiniú a thabhairt do thionscadail a thugann pobail agus lucht na n-ealaíon le chéile i raon gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ceol, ealaín, oidhreacht agus rince, agus cinntíonn sé go bhfuil deis chun tionscadail ar fud na cathrach agus an chontae, faoin tuath agus i gceantair uirbeacha, a fhorbairt le tacaíocht uainne. Bhí ról tábhachtach ag Foireann Phort Láirge Ildánach chun cruthaitheacht a thabhairt chuig scoileanna, lárionaid imirceach, Glasbhealach Phort Láirge agus na músaeim, áiteanna agus spásanna inar ghá an chruthaitheacht a chothú agus tacú léi le go mbeidh sí faoi bhláth.

Ceardlann aisteoireachta le Jennifer Fennessy agus Grúpa Drámaíochta Brideview i Halla Phádraig,  Tulach an Iarainn, Co. Phort Láirge. Grianghraf: DMG Photography

Leanfaidh Foireann Phort Láirge Ildánach ar aghaidh ag cruthú nasc agus ag forbairt comhpháirtíochtaí go hinmheánach agus go seachtrach le linn shaolré na straitéise seo.

Trí phleanáil, cur i bhfeidhm agus oibriú le chéile, cuirfear tionscadail i ngníomh ar bhealaí bríocha. Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go neartófar guthanna ár bpobal tríd an gcruthaitheacht, rud a thabharfaidh deis dóibh iad féin a chur in iúl ar bhealaí bríocha. Trí chomhpháirtíochtaí leis an ardoideachas agus leis an oideachas ar gach leibhéal, le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí cruthaitheacha, chomh maith le heagraíochtaí pobail, tugtar deis ollmhór caidrimh atá forbartha cheana féin a fhás. Tá maoiniú ó Chlár Éire Ildánach faighte ag tionscadail amhail ACT Phort Láirge, Forbairt Éiceachóras Cruthaitheach san Oirdheisceart, Cruthaitheacht na nDaoine Scothaosta – Ceolchoirmeacha Cúraim Covid agus bhí toradh thar a bheith maith ar naisc a fhorbairt leis na Seirbhísí um Oideasú Sóisialta i bPort Láirge. Táimid ag súil leis na caidrimh sin uile a fhorbairt tuilleadh thar shaolré na straitéise seo.

GNÍOMHARTHA

Leanúint le Glao Oscailte ar Phobail Chruthaitheacha, chun deis a thabhairt do phobail agus do lucht na n-ealaíon comhpháirtíochtaí i dtionscadail chomhoibríocha a bhunú.

Tacú leis an bhFoireann um Chultúr agus Cruthaitheacht chun a réimsí oibre i leabharlanna, san oidhreacht, i gcúrsaí comhshaoil, sa Ghaeilge, etc. a fheabhsú agus chun naisc bhreise a fhorbairt le gníomhaireachtaí, eagraíochtaí agus pobail.

Lorgóidh Port Láirge Ildánach tuilleadh deiseanna forbartha i gcomhair réimsí speisialtóireachta i réimsí an chomhshaoil, an gheilleagair, na folláine agus eile, thar shaolré na straitéise.