Aeráid agus Bithéagsúlacht

Dúnta21 D.F., 2022, 1:00pm - 28 Sam, 2022, 12:00pm

Aeráid agus Bithéagsúlacht

Tá an dúlra agus an timpeallacht nádúrtha ina bhfoinsí inspioráide don ealaín agus don chruthaitheacht le fada an lá. Spreag tírdhreacha Phort Láirge scríbhneoireacht, péinteáil agus dealbhóireacht agus ní hamháin go bhfuil siad tarraingteach go haeistéitiúil, ach léiríonn siad a bhfuil meas againn air sa timpeallacht áitiúil. Agus sinn ag maireachtáil sa 21ú haois, tá sé níos tábhachtaí ná riamh aire a thabhairt don chomhshaol, agus le go mbeimid in ann leanúint de thaitneamh a bhaint a ár n-oidhreacht nádúrtha, is bunriachtanach é an teachtaireacht a scaipeadh gur ghá dul i mbun gnímh chomhchoitinn chun an dúlra a chosaint. Is maith is eol dúinn i bPort Láirge na leochaileachtaí a bhaineann le creimeadh cósta agus an baol tuilte i gceantair tailte ísle. Tá cáilíocht agus achar na ngnáthóg leathnádúrtha ag dul i laghad agus tá speicis nua ag teacht isteach de bharr an athraithe aeráide, ar speicis ionracha agus ar bagairt ar ár ngnáthóga nádúrtha roinnt díobh.

Gníomhaíochtaí cruthaithe ACT Phort Láirge ag Féile an Fhómhair Phort Láirge 2022. Grianghraf: John D Kelly

Is féidir breith ar an bpobal le bheith rannpháirteach i ngníomhú ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta trí na meáin chruthaitheacha. In 2022, le ACT Phort Láirge, tionscadal arna mhaoiniú ag Gníomh ar Son na hAeráide faoi Éire Ildánach, úsáideadh cur chuige ealaíonta agus cruthaitheach chun tionchar a imirt ar athrú iompraíochta faoi chúig théama comhshaoil, i gcúig láthair i gCathair agus Contae Phort Láirge. Léiríodh poitéinseal mór, tríd an gclár, chun eolaíocht an chomhshaoil agus athrú iompraíochta a chur in iúl do ghrúpaí leasa éagsúla, ag bailiú le chéile gach aoisghrúpa ag a bhfuil spéis agus inniúlachtaí éagsúla ó thaobh an chomhshaoil agus na cruthaitheachta de. Is príomh-thosaíocht do Straitéis Chruthaitheachta Phort Láirge 2023-2027 é ealaín a dhéanamh fad a roinntear scileanna agus faisnéis agus fad a fhoghlaimítear faoin dúlra. Trí chuspóirí um athrú aeráide agus bithéagsúlachta i bPlean Forbartha Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus i bPlean Phort Láirge um Ghníomhú ar son na hAeráide a chomhlánú, táimid ag súil leis an gcruthaitheacht a chur chun cinn chun aird a thabhairt ar an tslí a bhféadfaimid timpeallacht nádúrtha Phort Láirge a chothabháil agus a fheabhsú, í a chur i riocht mhaith ó thaobh caomhantais de, agus athrú bríoch a chumasú don dúshlán atá romhainn go léir maidir leis an aeráid agus an bithéagsúlacht.

GNÍOMHARTHA

Imeachtaí um ghníomhú ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta a reáchtáil i bhféilire bliantúil imeachtaí cultúir i bPort Láirge.

Comhoibriú idir Foireann Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Pobail Chruthaitheacha a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Leanúint de mhaoiniú a sholáthar do thacaíochtaí chun an teachtaireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Cailliúint Bithéagsúlachta a chur in iúl trí na meáin chruthaitheacha.

An bhithéagsúlacht á cur chun cinn ar Chuarbhóthar Chumann na mBan. Grianghraf: Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.