Tógáil agus Foirgníocht sa Chruthaitheacht

Dúnta21 D.F., 2022, 1:00pm - 28 Sam, 2022, 12:00pm

Tógáil agus Foirgníocht sa Chruthaitheacht

Léiríonn bonneagar tógtha Phort Láirge an chruthaitheacht sa chathair agus sa chontae. Tá luach ag baint leis an oidhreacht thógtha, agus feictear sin sa mheas atá againn ar bhallaí na cathrach, ar scileanna dúchasacha amhail tuíodóireacht, agus sa tslí a ndéanaimid foirgnimh agus spásanna a chothú agus a chinntímid go gcaomhnaítear foirgnimh faoi chosaint. Tá infheistiú ollmhór déanta agus Cathair agus Contae Phort Láirge inár músaeim agus sa Triantán Lochlannach, mar aitheantas ar thábhacht an ama atá caite don todhchaí. Tá Rannóg Ailtireachta Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, a bhfuil gradaim faighte aici, uaillmhianach ó thaobh spásanna a athshamhlú, amhail sráidbhaile Cheapach Choinn agus Teach Bhruachaille.

 

Tá soláthar maith spásanna i gcomhair gníomhaíochta cultúir i bPort Láirge faoi láthair – tá dhá leabharlann déag, dhá amharclann agus dhá phríomh-dhánlann i bPort Láirge, agus tugtar tacaíocht don iliomad spásanna cruthaitheacha, faoi dhíon agus amuigh faoin spéir. In 2021, deonaíodh maoiniú leis an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach chun roinnt foirgneamh folamh agus ríochtaí poiblí a fhorbairt chun tacú le fís Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge maidir le Ceathrú Cultúir Phort Láirge a fhorbairt – tionscadal athghiniúna uirbí ó dhearcadh an chultúir de. Áireofar le samplaí de sin Áras Ealaíon Cheathrú Cultúir Phort Láirge, spás ildisciplíneach ina mbeidh saoráidí chun taispeántais phoiblí a dhéanamh, chomh maith le healaíontóirí cónaithe agus spás oibre comhroinnte, agus an Mol Pobail agus Cultúir a thacóidh le daoine as pobail nua chun a gcultúr siúd a lánpháirtiú le cultúr an phobail dhúchasaigh.

 

Ceann de thosaíochtaí Phort Láirge Ildánach é tacú lenár n-oidhreacht thógtha agus spás a sholáthar d’fhéinléirú cultúir agus cruthaitheach i gcomhpháirtíocht lenár bpobail. Is léir sin i bhforbairt an Triantáin Lochlannaigh, ar sampla dea-chleachtais é de bharr feabhais sa ríocht phoiblí, leis an athchóiriú báúil ar an dreach cathrach agus leis na cúig leabharlann ardcháilíochta a forbraíodh, lena hinsítear stair Phort Láirge.

 

Le Tógáil agus Foirgníocht sa Chruthaitheacht, déantar tagairt freisin don ghá leis an gcruthaitheacht a chur san áireamh sa tsochaí, inár n-áiteanna agus inár naisc leis an oideachas, leis an tsláinte agus leis an bpobal, agus tacú léi. Réimsí a chuireann deiseanna ar fáil dúinn ná digitiú an chultúir agus rochtain air sin. Tá mear-fhorbairt á déanamh ar an teicneolaíocht chliste, baineann sí cothromaíocht amach sa tslí a n-ídímid cultúr ar go leor bealaí, ach cruthaíonn sí bacainní freisin. Tá sí in ann tacú le féinléiriú cruthaitheach, ach d’fhéadfadh sí bac a chur ar chruthaitheacht áitiúil freisin, i bhfabhar ábhar domhanda. Tá d’aidhm ag Port Láirge Ildánach tacú leis an bpobal áitiúil taibhiú, déanamh, cruthú agus a bheith mórtasach as an tslí ar mian leo a gcúltúr agus a gcruthaitheacht a léiriú agus úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua ar bhealaí réamhghníomhacha, uilechuimsitheacha agus inrochtana. Tacaímid le nuálaíocht agus cuirimid rochtain ar fáil do lucht féachana agus éisteachta nua trí theicneolaíochtaí nua, go háirithe iad siúd atá deacair a aimsiú, daoine nach bhfuil compordach i suíomhanna traidisiúnta b’fhéidir.

 

Ní mór an tábhacht a bhaineann le cuir chuige cruthaitheacha sa tsochaí, le bheith samhlaíoch agus nuálach, a leabú inár gcumarsáid agus inár scéalaíocht. Déanann Port Láirge Ildánach a dhícheall chun íomhánna físiúla agus spéisiúla a úsáid ar ár meáin shóisialta, nuachtlitreacha agus modhanna cumarsáide eile chun daoine a spreagadh smaoineamh ar an luach atá ag dearadh, dathanna agus samhlaíocht.

 

Déanfaimid sár-iarracht aitheantas mór a thabhairt don luach atá ag an gcruthaitheacht i straitéisí, beartais agus pleananna Phort Láirge. Beidh sé mar aidhm láidir leis an straitéis seo tionchar a imirt ar an smaointeoireacht faoi chuir chuige ar oibriú i gcomhar, a bheith nuálach agus leas a bhaint as taobhsmaointeoireacht.

 

GNÍOMHARTHA

Oibriú i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge chun tionchar a imirt ar ár mbeartais le go n-áireofar iontu cuir chuige cruthaitheacha ar réimsí na hoibre amhail geilleagar, tithíocht, cathracha gníomhacha, pobail shláintiúla agus réimsí eile.

A chinntiú go n-úsáidfear ár n-oidhreacht thógtha agus ár ríocht phoiblí chun cruthaitheacht a thaispeáint agus cur le gníomhaíocht um chomhfhorbairt áite i gceantair thuaithe agus uirbeacha.

Cumarsáid fhísiúil, shoiléir a úsáid chun daoine a spreagadh agus chun na scéalta agus na torthaí a tháinig as maoiniú ó Phort Láirge Ildánach a chur in iúl.

 

Cuairteoirí ag baint sult as Turas Ollmhór Phort Láirge taobh amuigh de phéire de mhúsaeim Phort Láirge, Músaem an Airgid agus Músaem na Meánaoiseanna, a bhfuil gradaim buaite aige. Grianghraf: Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.